Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag éirí aníos ar an oileán: Rugadh Tadhg in Inis Oirthir in 1925, chuaigh sé ar scoil in Inis Oirthir. Cártaí agus ag siúl an caitheamh aimsire a bhí acu ar an oileán. Bhí sé ar fostach istigh ar an oileán agus ar an Choitín. D’fhág siad an scoil ag 14 bliana d’aois. Ní raibh fágtha ar an scoil ach triúr nuair a d’fhág Tadhg agus druideadh an scoil. B’éigean don triúr a bhí fágtha a theacht amach go tír mór le dhul na scoile. | 00:03:09 | |
In 1957 cheannaigh a mháthair feirm i bhFána Bhuí, an áit ina bhfuil Tadhg anois. Théann sé isteach corr uair anois ach níl a dhath mar a bhí. Bhí cumha orthu i ndiaidh an oileáin a fhágáil, ní raibh carranna ar fáil ansin agus ní raibh an t-oileán le feiceáil. Chronaigh siad na daoine agus nádúr na ndaoine ar an oileán. | 00:01:44 | |
Inis Meáin an t-oileán a ba dheise dóibh. Bhíodh deartháir leis ar fhostach ar oileán Ghabhla agus bhíodh Tadhg ag tabhairt cuairt air. Théadh siad ag damhsaí agus ceol ar na oileáin eile fosta agus thagadh siadsan go Oileán Oirthir. Bhíodh siad ag damhsa i dteach na scoile nó ar an ché. | 00:02:18 | |
Tithe an oileáin, sean tithe a bhíodh iontu. Tithe ceann tuí a bhí iontu agus fríd am chuir siad díonta slata orthu. Bhí meirg sna tairní. Leis na stoirmeacha ar an oileán fosta, rinne siad dochar do na tithe. Ba mhinic a bhíodh an t-oileán gearrtha ar shiúl ar feadh coicíse nuair a thagadh na stoirm. | 00:01:52 | |
An Gorta Mór 1847:- chuaigh daoine as tír mór isteach chun oileáin ná bhí sé níos fusa a bheith beo ann. Bhí bia s’acu féin acu, iasc, preátaí, creathnach, duileasc, carraigín, bainne, im agus mar sin de. Bhí punt ná dhó le saothrú fosta. Tá lorg bothóga ar an oileán go fóill. | 00:05:13 | |
Tháinig go leor de achan sórt i dtír am an dara chogaidh mór. | 00:02:11 | |